
Carmel Uí Chíobháin (née O’Flynn)
Ar 22 Márta 2026, d’imigh Carmel Uí Chíobháin, An Ghráig, Baile an Fheirtéaraigh (Carmel O’Flynn, Cashelmore, Bandon, Co. Cork) ar aoibhneas uainn.
Tá a fear céile Seán, a clann Cian (agus Colleen), Clíodhna (agus Eoghan), Cathal (agus Ruth), Caitríona (agus Andrew), Conall (agus Aisling), clann a clainne, Tomás, Donnchadh, Róise, Lar, Sylvie, Cúan agus Aodhla, a deirféireacha Joan O’Donoghue agus Anne Costello, a deartháracha Declan agus Jerry O ‘Flynn, a deartháracha céile agus a deirfiúr céile, Seamus, Pádraig agus Marian agus a gclann súd ar fad croí bhriste ina diaidh.
Imithe roimpi, tá á tuismitheoirí Leo agus Mary, a deartháir Denis, tuismitheoirí a céile Seán agus Máire, deartháir a céile Tomás agus deirfiúr a céile Joan.
Beidh sí á tórramh i dTigh Tórraimh Uí Chonchúir sa Daingean tráthnóna Dé Céadaoin óna 7 a chlog i.n. go dtí 9 a chlog i.n.
Léifear Aifreann na Sochraide ag 11 a chlog maidin Dé Deardaoin i Séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh agus déanfar í a adhlacadh i Reilig Dhún Urlainn ina dhiaidh sin.
Tigh príobháideach.
Ní gá bláthanna, síntiús más mian leat go Capuchin Day Centre, Dublin.
